Stiúideo Dearaidh & Córas // Doire // Gaeilge & Béarla
Breithiúnas,
trí dhearadh.
Treoraithe ag intinn dhaonna, ag blas smachtaithe agus ag cúram fadtéarmach branda.
Tosaigh tionscadalTá muinín ag institiúidí & eagraíochtaí uaillmhianacha asainn
Cumais // Trí Cholún
Thig le duine ar bith sócmhainn a chruthú le leid. Is í an obair fios a bheith agat cad é atá le gearradh, agus cad chuige a bhfuil sin tábhachtach.
Tógann muid féiniúlachtaí amhairc tuisceanacha, beochan léiritheach agus ardáin dhigiteacha, treoraithe ag intinn dhaonna, ag blas smachtaithe agus ag cúram fadtéarmach branda.
Cúram Branda & Córais Amhairc
Cruthaíonn leideanna ginearálta lógónna gan mhaith. Dearann muid bunsraitheanna amhairc buana atá fréamhaithe i gcomhthéacs, i ndisciplín eagarthóireachta agus i ndoimhneacht chultúrtha.
Beochan Scéalaíochta & Stiúradh Léiritheach
Stiúrann muid córais chinéiteacha le luas, meáchan agus macalla mothúchánach d’aon ghnó — ó sheichimh teidil go feachtais ar na meáin shóisialta.
Ceardaíocht Dhigiteach Shaincheaptha & Tógáil Gréasáin
Suíomhanna gréasáin saincheaptha atá tógtha thart ar chlóghrafaíocht láidir, ar spás bán d’aon ghnó agus ar leaganacha amach solúbtha freagrúla: éadrom, gasta agus tadhlach.
Cliaint // Ina mbriathra féin
“Fantastic work along with recommendations / critical thinking with what suited our website brilliantly. I couldn't recommend Séanna or Aileach Studio highly enough to anyone who is looking to build a website.”
“Seirbhís ar dóigh: rinneadh achan rud go poncúil, go slachtmhar agus go proifisiúnta ar phraghas an-réasúnta. Molaim go mór iad agus is cinnte go rachaidh mé ar ais chucu amach anseo.”
Leagan Béarla: “Excellent service: everything was done punctually, neatly and professionally at a very reasonable price. I highly recommend them and will certainly go back to them in future.”
“Highly recommend! Séanna is amazing at designs and helping with brand alignment. He is always happy to help with anything we need at Yum Cakes. He has designed our coffee cups, cupcake boxes, window art, the art for our van and lots more! Thanks again!”
An Cleachtas // Faoi Stiúir an Phríomhstiúrthóra
Lámh shinsearach amháin, ón chéad chomhrá go dtí an comhad deireanach.
Is é Séanna Ó Coinn atá i gceannas ar Aileach Studio — dearthóir craolta agus tógálaí córas praiticiúil atá lonnaithe i nDoire, a bhfuil deich mbliana caite aige ag reáchtáil cleachtais neamhspleách dearaidh ghrafaigh, gréasáin agus beochana. Stiúrann agus cruthaíonn sé féin gach coimisiún, le grúpa roghnaithe saineolaithe nuair a bhíonn a leithéid de dhíth.
Tosaigh Tionscadal
An bhfuil córas agat a bhfuil cúram de dhíth air?
Inis dúinn cá bhfuil tú anois agus cá háit ar mhaith leat a bheith. Is leis an phríomhstiúrthóir féin a bheidh do chéad chomhrá — agus leagfaidh muid amach bealach soiléir chun tosaigh.